7th Celtic Linguistics Conference (CLC7)
22-23 Meitheamh 2012
Université de Rennes
Rennes, An Bhriotáin, An Fhrainc

Eglise de Corps-Nuds, Rennes *
English | Français | Gaeilge | Brezhoneg
Baile | Féilire | Aighniú | Clárú | Clár | Coistí | Rochtain | Lóistín

Nuacht

Spriocdháta cláraithe luath (nua): 27 Bealtaine 2012

Glaoch ar pháipéir

Beidh an 7ú Comhdháil ar Theangeolaíocht na dTeangacha Ceilteacha (7th Celtic Linguistics Conference, CLC7) ar siúl 22-23 Meitheamh 2012 ag an Université de Rennes II (Rennes, An Bhriotáin, An Fhrainc).

Is iad na comheagraithe:

Cuirtear fáilte roimh achoimrí ar pháipéir faoi ghné ar bith de theangeolaíocht fhoirméalta agus thuairisciúil na dteangeacha Ceilteacha: comhréir, fóineolaíocht, foghraíocht, sochtheangeolaíocht agus teicneolaíocht urlabhra ina measc, chomh maith le dúshláin a bhaineann le taighde ar theangacha neamhfhorleathana agus i mbaol.

Beidh dhá shaghas cur i láthair: cainteanna (30 nóiméad, plé san áireamh) agus póstaeir. Iarrtar ar údáir a rogha a chur in iúl agus iad ag aighniú a n-achoimrí (caint, póstaer, nó is cuma).

Is é an Béarla teanga na gcainteanna agus na bpostaer.

Aighnítear achoimrí mar chomhad pdf, txt nó doc le comhéadan ar líne.

Formáid na n-achoimrí: 2 leathanach (uasmhéid, A4 nó litir, cló 12pt, imill 2.5cm/1-orlach), samplaí agus tagairtí san áireamh. Déanfar léirmheas gan ainm ar na hachoimrí, mar sin, iarrtar ar údair tagairtí dá dtaighde féin a sheachaint ina n-achoimrí agus a bheith cinnte nach bhfuil sonraí na n-údar le feiceáil in airíonna an chomhaid pdf.

Spriocdháta d'achoimrí (sínte): 23 Feabhra 2012
Dáta fógartha le haghaidh cinnidh: 4 Aibreán 2012
Spriocdháta cláraithe luath (sínte): 27 Bealtaine 2012

Má tá níos mó eolais uait, téigh i dteagmháil linn (i nGaeilge, Briotáinis, Fraincis nó Béarla) ag : clc7.contact AG lpl-aix.fr
* Photothèque : Office du tourisme, Rennes - http://www.tourisme-rennes.com